Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar séisean, "An dtiocfadh leat-sa a innse damh-sa cá mhéad snáite íarann a dhéanfadh rideal?"
"Cha dtig liom maise," arsa an sagart.
"Bhal," arsa an gasur, "gach duine 'sa cheird féin aige." - Bhi gasúr beag ag buachailleacht ag taoibh abhna lá amhain agus cé tháinig thart ach sagart.
"Tabhair trasna na h-abhna seo mé no sílim go bhfuil sí dómhain." arsa an sagart.
"Maith go leór", arsa an fear beag, agus chuir sé an sagart ar a dhruim.
"Nuair a bhí siad i lár na h-abhna."dubhairt an gasú leis an t-sagart, "Tá sé comh maith agat mo fhaoisdín a éisteacht anois".
"Maith go leór" arsa an sagart.
"Bhal, " arsa an gasur, "mharbhuigh mé beirt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seósamh O Mhaoilchíarain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Donegal