Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Comharthaí olcaAn cat agus a chúl leis an teinidh.
An madadh ag ithe féir.
Na heunláith ag cluimhreadh saca fheín.
An t-Asal ag buaidhridh.
Na lachain ag eiteogaí in éadan na gaoithe.
Na caoirí ag teacht na bhaile ón t-sliabh.
Míle cartáin ar na leidhre.
Má ghnídhe sé cioth fearthanna agus na cearca iad fhéin a fhághail fliuch.
An ghealach na luighe ar loic cúl a cinn.
Teas mór as an teinidh
Bléidhre gorm ar an teinidh.
Carr choigilt ins an teinidh.
An griann iongantach dearg ag dul a luighe dí.
An chorr-mhónadh ag tarraingt ar na cnuic.
Na faoleogaí ag screadaigh ins na cuibhrinn.
Tuar cheatha ar maidin.