School: Mín Doire (roll number 16151)
- Location:
- Mín Doire, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
![The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 411](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1070%2FCBES_1070_411.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 411
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Doire
- XML Page 411
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Agus béidh deoch acu uilig. Annsin leagtar amach lá an phósta agus cibith cruth a bhíos ag an chailín le fághail. I gcionn seachtmhain ón lá sin postar an lanamhain. Bíonn ball iasachta ar an chailín ó dhuine des na comharsan, sé sin péire stocaí nó mar sin. An mhaidín sin indiaidh iad a phosadh gheibh siad a mbreicfeasta i dtoigh osta nó in siopa éigin.
Annsin théigheann an lanamhain go Doire fá choinne an lae. Nuair a thig siad na bhaile an oidhche sin bíonn togha gach bidh agus roghe gach dighe acu. Bíonn na comharsannaí uilig annsin. Duine ar bith a thig na bainse gan cuireadh bheirtear stucaire air.- Collector
- Séamus Ó Brógáin
- Gender
- Male
- Address
- Mín Doire, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Brógáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Mín Doire, Co. Donegal