Scoil: Cnoc na Naomh

Suíomh:
Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 28

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 28

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Naomh
  2. XML Leathanach 28
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal (ar lean)

    Bhí lánamhain ann in am amháin rí as an domhan toir agus banrioghain as an domhan thiar. Bhí triúr ingheanach aca.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus nach ndeánfadh sé dothar a choidhche dithe Rinne sí mar d'iarr sé uirthí.
    An tríomhadh lá bhí sí tuirseach. Nior casadh an t-éan uirthí an oidhche seo. Chuaidh sí fhad la teach gabha agus d'imthigh sí ináirde ar chrann Thíos faoí an chrann bhí tobar agus siocar go rabh an oidhche geal bhí a sgáile le feiceal ann. Chuaidh bean an ghabha amach fá dhéin uisge ach nuair a chonnaic sí an sgáile ins an tobarshíl sí gur a sgáile féin a bhí ann agus dubhairt sí "Caidé a bhéinn-se a dheánamh ag an ghabh bhuidhe seo agus mé fhein comh deas dóigheamhail agus tá mé. D'imthigh sí ar shiubhal agus nuair a b'fháda leisean a bhí sí gan teacht isteach chuaidh sé fhéin fá dhéin an uisge.D'amharc sé suas san chrann agus dubhairt sé "Is tusa a chuir ar shiubhal mó bhean-sa agus annois go isteach agus deán an brachan."Chuaidh sí isteach agus rinne sí cailín toighe dó go dtainig a bhean fhein airist. Lá amháin dubhairt sí " Caidé is ciall leis an chaoineadh seo a cluinim gach Satharn."
    "Tá" arsa an gabh. "Sin trí cailíní atá an tarbhán donn a chur 'un báis gach Satharn siocar nach dtig leo a léinídh a nighe agus an fhuil a bhainnt aistí." "Tá mé fein ag imtheacht go níghfidh mé dó í" arsa sise."O" arsa an gabh "Ní thóg leat a dhul. Tá seacht míle dé shliabh le
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aodh Mac Gabhna
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Bríghid Bean Mhic Eachmharcaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall