Scoil: Cnoc na Naomh

Suíomh:
Cnoc na Naomh, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 72

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 72

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Naomh
  2. XML Leathanach 72
  3. XML “Ceitidh an Chúil Dhoinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ceitidh an Chúil Dhonn
    Nuair a éirigimsé suas bíonn tuaim na muisge 'n mo cheann
    Amaircim uam fá thuairisg an baile udaidh thall
    Tuiteann mo ghruaig anuas'n na cuille le mo cheann
    Ó thug mé grádh buan d'ón stuaidh-bhean, Ceithidh an Chúil donn
    Ar maidin Dia Máirt bhí adhbar mór cursa agam féin
    Bhí an suig/jug ar an chlár á's é lán ó shin go béal,
    le gach cumann 's gach grádh 's gach páirt go raibh eadrainn , ariamh
    Mó chúig míle slán an dá láimh a bhí tharam nach m-béidh (m-bíonn)
    Nach cuimhin leat an oidhche, bhí mé a's tú ainnir na gcliabh
    Ar suidhe ins'n fhraoich's a' saoghal ag dul tarrainn aniar?
    Cídh gur milis an fíon is claoidhte bhidheas 'nna dhiaidh
    Bhí do theachtaire críonna 's faraor bhí mise gan céill
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Antoine Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann