School: Caiseal na gCorr
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCorr
- XML Page 216
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí baintreabhach ann aon uair ámhain 7 bhí beirt mhac aige. Bhí sé le pósadh ar chailín eile acht chaith sí suas é.”
(continued from previous page)do'n athair thoisigh sé a dh'amharc agus chonnaic sé sgrióbhta faoi'n éitóig ca bith an duine a d'iosfad croidhe an éin seó go bhfuigheadh an duine sin nighean an Righ le posadh agus ca bith d'íosfadh na cruidheógaí go bhfuigheadh an duine sin spáran £25 faoi na cheann achan mhaidin.
Nuair a chonnaic an t-athair seo bhí lúthghair mhór air. Thug sé leis an t-éan agus níór stad sé go rabh sé ag toighe an chailín a rabh sé le pósadh uirthí ar dtús. Nuair a thaisbean sé an t-éan seo do'n chailín dubhairt sé annsin go bpósadh sí é.
Bhí go maith as ní rabh go h-olc go dtáinic lá an phósta. Nuair a d'imthigh an lanamhan a bpósadh, thug siad ordú do'n chócaire an t-éan a marbhughadh agus é a bheith réidh fá na gcoinne nuair a phillfeadh siad. Rinne an chócaire mar a d'iarr siad uirthí, acht nuair a bhí sí ag nighe an éin thoisigh na paistí a chaoineadh, agus a dh'iarradh na cruidíogaí agus an croidhe a thabhairt dóbhtha. Ní dhearn an cócaire a ghach acht na crídoga agus an croidhe a rósadh agus a dtabhairt dóbhtha. Thug sí an croidhe do dhuine acu agus na crúdóga do'n duine eile.(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig O Éarcain
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Prochlais, Co. Donegal