Scoil: Caiseal na gCorr

Suíomh:
Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Donnchadh Mac Giolla Chearr
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 216

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 216

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal na gCorr
  2. XML Leathanach 216
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí baintreabhach ann aon uair ámhain 7 bhí beirt mhac aige. Bhí sé le pósadh ar chailín eile acht chaith sí suas é.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    do'n athair thoisigh sé a dh'amharc agus chonnaic sé sgrióbhta faoi'n éitóig ca bith an duine a d'iosfad croidhe an éin seó go bhfuigheadh an duine sin nighean an Righ le posadh agus ca bith d'íosfadh na cruidheógaí go bhfuigheadh an duine sin spáran £25 faoi na cheann achan mhaidin.
    Nuair a chonnaic an t-athair seo bhí lúthghair mhór air. Thug sé leis an t-éan agus níór stad sé go rabh sé ag toighe an chailín a rabh sé le pósadh uirthí ar dtús. Nuair a thaisbean sé an t-éan seo do'n chailín dubhairt sé annsin go bpósadh sí é.
    Bhí go maith as ní rabh go h-olc go dtáinic lá an phósta. Nuair a d'imthigh an lanamhan a bpósadh, thug siad ordú do'n chócaire an t-éan a marbhughadh agus é a bheith réidh fá na gcoinne nuair a phillfeadh siad. Rinne an chócaire mar a d'iarr siad uirthí, acht nuair a bhí sí ag nighe an éin thoisigh na paistí a chaoineadh, agus a dh'iarradh na cruidíogaí agus an croidhe a thabhairt dóbhtha. Ní dhearn an cócaire a ghach acht na crídoga agus an croidhe a rósadh agus a dtabhairt dóbhtha. Thug sí an croidhe do dhuine acu agus na crúdóga do'n duine eile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraig O Éarcain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Prochlais, Co. Dhún na nGall