School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Croise
- XML Page 135
- XML “Scéalta fá Mhurchadh Beag agus Murchadh Mór - Poll Tí Liabáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig Murchadh M. a bhaile agus dubhairt sé le Murcadh Beag go mairbhfeadh sé é. An oidhche sin d’iarr Murchadh Beag ar a mháthair a leabaidh a arrthughadh leis agus rinne sí amhlaidh.
Tháinig Murcadh Mór san oidhce agus tuagh leis agus ghearr sé an chloigeann d’en sean-mhathair Murcaidh Bhig agus d’imtigh abaile. Lá-thar-na bhárach bhí seilg le gabhail an bealach agus coirigh Murcadh Beag a shean mathair amuigh í lár a bhealaigh. Chuir sé dhá bhata croise faoi na h-asceul agus d’fág na seasamh í mar bhéadh sí beo. Tháinig an t-seilg. Sgairt an chead mharcach chuicí an bealach fhágail ach níor bhog sí. Shíl sé gur bodhar a bhí sí agus thug sé iarraidh ghabhail. Tart léithe, ach bhuail cos an bheidhitigh ceann de ‘na bataí agus anuas léithí agus an tseilg na mullach. Sgairt Murcadh Beag agus dubhairt “Ó tá mo shean-mathair marbh agus bheárfaidh mó go dtí an chuairt tú”. “O na tug” arsa an tiomanaidhe “agus bhearfaidh mé cuig míle ginib buidhe oir duit”. “Maith go leor arsa Murcadh Beag”.
Ar maidin lá-tar-na-bharac nuair a musgail Murcadh Mór connaic sé Murcadh Beag ag cunntas an óir. “Cé thug an t-ór sin duit arsa Murcadh Mór”? “Fuair mé sin ar(continues on next page)- Collector
- Cathal Mac Giolla Easbuic
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Informant
- Úna Nic Giolla Easbuic
- Gender
- Female
- Age
- 80