School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 197
- XML “Seanscoileanna”
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ainmneacha Aiteach ar leanamhaint.
Sean-Scoltacha.
Bhí Domhnall Ó Dubhchan agus Maíre Ní Dhubhchan ag an scoil sin. Ag teagasg sa lá a bhí an Máighistreas. Ba é an t-ainm a bhí uirthí Máighistreas Bancet. Ag léighedh Béarla a bhí siad. Chá rabh léigheadh Gaedhilg ar bith aca. Bhí siad ag sgríobhadh le pinn agus le dubha. Teach cinntuighe a bhí aca. Bhí an máighstreas ag fanacht sa sgoil san oidhche. Bhí sí iongantach sean agus bhí sí iongantach bratóga. Bhí an scoil sin ann tá 40 bliadhain ó shoin. - Leigheaseanna. 1. Chualaidh mé mo mháthair ag rádh nuair a bhíodh Síghle Ní Earcán ag deanamh leigheas an duileagán. Chaithfeadh sí cupa uisge a fhághail. Annsin rachfaidh sí isteach sa t-seomra. Nuair a thiocfadh sí amach arais, bheadh an duileagán istoigh sa chupa. Chaithfeadh sí urnaigh a rádh fosta, Geobhaidh an t-súl biseach annsin.Déideadh 2. Nuair a tá an déideadh ort, cáithfeadh tú ghabhail(continues on next page)
- Collector
- Peigí Ní Chumhaill
- Gender
- Female
- Address
- Ráith, Co. Donegal
- Informant
- Brighid Ní Earcáin
- Gender
- Female
- Age
- 84
- Address
- Ráith, Co. Donegal