School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 251
- XML “An tAonach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An t-aonach bhí ins an áit seo fadó coinnigheadh é thíos ag Baile an Easa, timcheall leath-mhíle taobh thiar de'n Fhálcarrach. Bhí punta annsin (a pound) agus is ann a ba ghnáthach leis an aonach a bheith. Timhceall dhá sgór bliadhain ó shoin d'áthruigheadh an t-aonach sior go dtí an Fálcarrach. Ní ins na bailte móra a bhiodh na h-aongaighe uilig fadó. An áit a bhfuil an t-aonach ar an Fálcarrach anois beirtear "Pont an Eallaigh" air, agus i n-amannaibh "Pont an Mhargaidh." Tá balla thart air, agus tá geabhta ag dul isteach ann faoí láthair. Ní rabh an geabhta ann go dtí cupla bliadhan ó shoin. Tá timcheall ceathramha acra de thalamh ins an pont: ní dhíoltar a dhath ann acht eallach. Díoltar eallach de gach cineal ann; acht ní dhioltar an t-eallach uilig ann. Ní bhíonn caiple, muca, banbáin nó caoirigh insan phont. Fuair sé an t-ainm "Pont an Eallaigh " mar gheall ar seo.Gidh go ndíoltar cuid mhór eallaigh ar an aonach téidheann ceannuigheothairí ó thigh go tigh go mion minic roimh gach aonach ag ceannacht stuic. Comhartha é seo go bhfuil ceannacht maith ar stuic san am. Rinneadh an rud céadna fadó, acht tá na h-aontaighe níos mó anois, ná bhí siad san am sin. Tig ceannuigtheóirí as Tearmoinn, Letir Ceanainn, Galloglach, Druim Bolg(continues on next page)
- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Daithí Mac Seáin
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Fál Carrach, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Mac Fhlaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Informant
- Liam Mac Gabhann
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- An Fál Carrach, Co. Donegal
- Informant
- Tomás Mac Caisleáin
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- An Dún Mór, Co. Donegal