School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 274
- XML “Cogadh na Talún i gCloich Chionnaola - Eanair 3ú 1889”
- XML “Cogadh na Talún i gCloich Chionnaola - Teach Néill Uí Dhubhgáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar leanamhaint
agus cuireadh glais láimhe ar gach péire fear aca. Tugadh ar charrannaibh iad go Dún Fionnachaidh agus lá ar n-a bhárach tugadh go Doire iad le cur sa phríosún annsin. Bhi suas le 50 cloigne de na "Enniskillen Dragoons" i n-éinfheacht leó mar ghárda ar eagla go bhfiachfadh siad le briseadh ar shiubhal ar an bhealach. - teach Néill Uí DhubhgáinAr an 4.1.1889 chuaidh na saighdiuraí ar ais agus na constáblaí as Bheiric an Fhálcarraigh go teach Néill Uí Dhubhgáin as an Árdaidh i nGort a' Choirce le eisean agus a theaghlach a chur amach. Bhí dhá fhear déag annsin fosta ag cosnadh an dúna, ( Dún an t-ainm a bhithear ag tabhairt ar na toighthibh a bhíodar ag cosnadh). Bhí an teach dhá stoír ar aoirde, agus bhí na saighfiúraí agus na emergency men ag caitheamh isteach clocha ar na fuinneógaibh agus ag iarraidh na cosantóirí a loiteadh, agus bhí na cosantóirí ag caitheadh amach na g-cloch ar ais. Bhí na saighdiúraí agus fórsaí an(continues on next page)
- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Mághnus Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Baile Chonaill, Co. Donegal