School: An Gleann (roll number 14277)

Location:
Glen, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 116

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 116
  3. XML “Seanscéal - Maol Murchadh agus Mac an Bhaird”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean Sgéal Maol Murchadh a’s an Mac a Bháird.
    Bhí fear darbh ainm Maol Murchadh in a chomhnuidhe i gcaisleán na dTuath uair amháin.
    Droch fhear ar fad dó bhí ann a’s bhí fuath ag achan duine air.
    Chuir sé sgéala chuig fear darbh ainm Mac a Bháird ag rádh go rabh gnoithe aige leis. Tháinig Mac a Bháird a’s thug Maol Murchadh leitir dó. D’iarr sé air a dhul chuig fear uasal a bhí in a chomhnuidhe in aice an chaisleain agus an leitir a thabhairt dó. Rinne Mac a Bháird amhlaidh.
    D’fhosgail an fear uasal an leitir agus léig sé do Mhac a Bháird í. Dubhairt sé leis nach rabh sgéala ró mhaith innti dó. “Tá tú lé crochadh annseo” arsa seisean le Mac a Bháird “Bhall” arsa Mac a Bháird tá sin olc go leór ach níl neart air”. Dubhairt an fear annsin má bhí athchuinge ar bith a dhith air go bhfuigheadh sé é ach gan iarraidh bheith beo.
    “Tchíom tchíom” arsa Mac a Bháird “níl maith ar bith domhsa rud ar bith a iarraidh mar tá agam le bás a fhághail ar chaoi ar bith” “Ach seo rud amháin a iarras mé” arsa seisean “An t-am is mó a bhéas an rópa ag teannadh orm go thusa a’s cuir do cheann mór síos in mo bhráid fhad is thig leat é a dhinnéadh”. Nuair a chuala an fear uasal seo d’iarr sé air
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eithne Ní Cheallaigh
    Gender
    Female
    Address
    Toam, Co. Donegal
    Informant
    Cathal Ua Ceallaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Toam, Co. Donegal