School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 95
- XML “Seanscéal - Cogadh na Scadán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean Sgeal Cogadh na SgádanBhí séal ann i bhfad ó shoin agus ní rabh sgadain ar bith le fághail ar coastaí na h-Eireann. Stád na h-íasgairí da dul amach mar nach rabh le faghail aca acht bric. Bhí fear ‘na chomhnaidhe ins na Rosaibh ar bhealach bheag a bhí ag dul o bealach an conndae síos go dtí’n fhairrge. Ní rabh teach ar bith eile a chomhair acht é fhein. Oidhche amhain thainig siubhail mór daoine ar an casan seo. Thosuigh siad ag crúinnuighadh isteach go teach an t-sean-duine as bhí sé go lán sa deireadh da dtuiteadh bíoran ó bharr an tighe thuitfeadh sé ar cheann duine. Acht ní rabh i bhfad gur thosuigh siad ag dul amach arís. Bhí iongantas mór ar an t-sean-duine cinnte nuair a chonnaic sé daoine annsin a rabh sé ag na bh’faire agus ag na dtorramh. D’imthigh siad uilig amach acht an fear deireannach. D’fan seisean agus d’innis sé do’n fhear go raibh cogadh mór lé bheith thios ar an gainimh idir bunadh na h-Eireann as bunadh na h-Albain. Deir sé “Ma bhaineann na h-Éireannaigh béidh sgadain go leor le faghail acht ma bhaineann na h-Albannaigh ní bhionn níos mó sgadain le faghail as cha bhionn maith do h-iasgairí dul amach.
Nuair a deirigh an sean-duine ar maidin chuaidh sé síos go dtí’n traigh agus bhí drámhalta mor san ganimh. D’imthigh se a’s d’innis sé an sgeal do na h-iasgairí. Diarr sé ortha a dhul amach agus(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Gallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80