School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 222

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 222
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus an fear uasal. Dubhairt an athair nach rabh fhios aige. “Fiachfhaidh mise anocht é”, ars an fear uasal. “Cuirfidh mé dhá bheathach amach sá chuibhreann, agus beirt fhear leobhtha, agus mur ngoidfí sé ceann de na bheathaigh, bainfhidh mé an ceann de”.
    Tháinig an t-athair ‘na bhaile an oidhche sin, agus d’innis sé do Seán caidé mar bhí, “maith go leór” arsa Seán “fiachfhaidh mise leis”.
    Maidin la thar na bharach chuaidh sé ina bhaile mhóir, agus cheannuigh sé dhá choinín bhreaca. Tháinig sé fhad leis an chuibhreann, agus leig sé ar shiubhal ceann de na coinín, agus rith fear aca ‘na dhiaidh.
    Leig sé ar shiubhal an ceann eile, agus rith an fear eile ‘na dhiaidh. Nuair a fuair sé an dá fhear ar shiubhal rith sé agus bhain sé na beathaigh amach as an t-seisreach, agus thug sé ‘na bhaile chuig a athar iad.
    Maidín lá thar na bharach, cuaidh an t-athair síos chuig an fhear uasal. Ars seisean “tcín go bhfuil páirt mhaith de’n cheird ag Seán. Cuirfhidh mé beathach isteach sa stábla, agus marcach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish