Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uirthi, agus trí ghárda faighdiúr a choimhead, agus mar ngoidfí sé an beathach, bainfhidh mé an ceann dé.
Maidín lá thar na bharach chuaidh Seán na bhaile mhóir, agus cheannuigh sé buideál uisge beatha. Tháinig sé fhad le teach an fhir uasal, agus chuaidh sé isteach i mboitheach na muc, agus thoisigh a phiocadh an mhuic. Dubhairt duine de na fir go rabh bainbh ag an mhuc, agus d’amharc siad, agus fuair siad Seán ina luighe faoi’n mhuc. Thug siad isteach go dtí an teine é, chuartaigh siad a chuid pócaí, fuair siad an t-uisge beatha, agus d’ól achan dhuine aca a shaith dá. Thuit siad thall agus [abhus]? ‘Sa deireadh thuit an fear a bhí ar an bheathach, agus nuair a fuair, Seán iad uilig ‘na luighe, d’éirigh sé agus thug sé leis an beatach.
Ars an fear uasal ar maidín “Tcín go bfuil páirt mhaith den cheird ag Seán. Mur ngoidfhí [se]? an bhraithlín amach as fúmsa, gcarrfhaidh mé an ceann de. Chuaidh Seán ‘na roilige, agus thóg sé corp a bhithe ar indiaidh cur an lá sin. Cheangal sé as rópa é, agus chuir sé síos an similéir é. Nuair a chonnaic(leanann ar an chéad leathanach eile)