School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhi seandhuine uair amhain agus biodh se amuigh ag buaicheallacht. Bhi uaisle in a gcomhnuidhe ins an ait a rabh se agus bhiodh siad ag cainnt leis gach la. Chaitheamh an fear seo sean hata a bhi uilig strocaighe. Bhi gruaig an fhada air agus bhi si ag fas amach frid an hata ins an ait a rabh na poill air. Bhiodh na h-uaisle ag fiafruigh do cad chuige nach gcuirfeadh se paiste ar an hata.
Chuaidh an fear isteach i dtri toighthe osta agus d'fhag se cuig sgillinge i ngach ceann aca. Thainig na h-uaisle chuige la ar na bharach arais agus bhi failte mhor aige rompa. D'fiafruigh se dobhtha an rachadh siad fa choinne deoch leanna. Thug siad buidheachas do agus dubhairt siad go rachfadh. Chuaidh an triur aca leis an bhuachaill bo go dti an teach osta agus d'orduigh se deoch de'n triur fear uasal. Thug fear an toigh osta deoch de'n triur agus nuair a bhi an deoch olta aca bhuail an buachaill bo a hata sios ar an chuntar agus dubhairt se, "This aul hat will pay for all". Ta sin ceart arsa fear an toighe osta diolfaidhe an sean hata ar a shon.
D'fhag siad an teach sin agus chuaidh siad isteach ins an dara teach osta agus fuair an buachaill bo tri dheoch eile dobhtha agus bhuail se a hata sios ar an chuntar agus dubhairt se, "This aul hat will pay for all". Maith go leor arsa fear an toighe osta. D'imthigh an buachaill bo agus a chuid comraduidhe amach agus chuaidh siad isteach i dteach osta eile. Fuair se tri dheoch leanna agus nuair a bhi sin olta bhain se de a hata agus dubhairt se, " This aul hat will pay for all". Ta sin(continues on next page)- Collector
- Seamús Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Doire Chasáin, Co. Donegal