Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Leathanach 254
- XML “Scéal - Na hUaisle agus an Seanduine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)maith go leor arsa fear an toighe osta. D'imthigh an buachaill bo agus a thri chomhraduidhe na bhaile.
Thainig siad chuig an bhuachaill bo la ar na bharach arais agus d'fhiafruigh siad de caide a ghlacfadh se ar a hata. Dubhairt seisean gur cead punt a ghlacfadh se air. Thug siad cead punt do air agus thug siad leobhtha e. Thainig siad chuige la ar na bharach arais agus d'iarr siad air a ghabhail fa choinne "tract". Chuaidh se leobhtha. D'iarr fear de na h-uaisle an deoch agus nuair a bhi an deoch olta tharraing se an sean hata amach as faoi a chota agus dubhairt se, "This aul hat will pay for all". Ni iocfaidh leoga arsa maighistir an toighe osta.
Shil siad nach rabh maith ar bith ins an t-sean hata nios mo agus chuaidh siad na bhaile. Nuair a bhi an buachaill bo amuigh ar maidin la ar na bharach thainig siad chuige ag iarraidh a gcuid airgid agus thug siad an sean hata do. Dubhairt an buachaill bo nach rabh an t-airgead aige anois, agus nuair a thainig siad arais chuige la ar na bharach ni rabh se feiceal agus cha'n fhacaidh siad e on la sin go dti an la indiu.- Bailitheoir
- Seamús Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Donegal