School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 313

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 313

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 313
  3. XML “An tSeanchailleach agus an tIasc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    máthair as baile ó’n mhaidín. Neansaí an t-ainm a bhí ar an ghirrsigh agus bhí luthghair uirthi an t-sean chailleach d’fheiceáil. Shuidh an tsean - bhean síos i gcois na teineadh agus thoisigh sí ag innse sgéaltach agus char stad sí go raibh an mheadhon - oidhche ann. “Anois” ar sise le Neansaí “taisbainfidh mé rud éiginteacht duit sul a dtéigh tú a’ luighe”. Bhí Neansaí bocht tuirseach go leór agus ba mhaith leí dul a chodladh ach níor leig an eagla dí cur suas do fanacht n-a suidhe tamall eile. “Tabhair domh báisín uisge agus an mhias bheag ádhmaid sin acá ar an driosúr” ars an tsean - chailleach. Thug Neansaí na rudaí dí agus chuir sí iasg beag ait a raibh trí cinn air isteach ins an bháisín. “Anois” ar sise “leigfimíd orainn gurab í an báisín an fhairrge, agus gurab é an cupán seo an bás”. Agus leis sin chuir sí an cupán nó an mhias bheag ádhmaid ag snámh ar an uisge sa bháisín. D’amharc Neansaí beag suas ar an tsean - chailligh anois agus chonnaic sí amharc iongantach gorgach n-a súile agus tháinic eagla mór ar an ghirrsigh. Shiubhail an chailleach thart ar an bháisín trí h-uaire agus í ag cainnt léi féin ar feadh an ama uilig agus annsin amach ar an doras léi. Chuaidh sí ag siubhal suas síos, anonn agus anall agus í ag uathairt le n-a lámha. Annsin sgáirt sí ar Neansaí agus ar sise.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. soothsayers (~116)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Eiteagáin
    Gender
    Female
    Address
    Glenree, Co. Donegal