School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)máthair as baile ó’n mhaidín. Neansaí an t-ainm a bhí ar an ghirrsigh agus bhí luthghair uirthi an t-sean chailleach d’fheiceáil. Shuidh an tsean - bhean síos i gcois na teineadh agus thoisigh sí ag innse sgéaltach agus char stad sí go raibh an mheadhon - oidhche ann. “Anois” ar sise le Neansaí “taisbainfidh mé rud éiginteacht duit sul a dtéigh tú a’ luighe”. Bhí Neansaí bocht tuirseach go leór agus ba mhaith leí dul a chodladh ach níor leig an eagla dí cur suas do fanacht n-a suidhe tamall eile. “Tabhair domh báisín uisge agus an mhias bheag ádhmaid sin acá ar an driosúr” ars an tsean - chailleach. Thug Neansaí na rudaí dí agus chuir sí iasg beag ait a raibh trí cinn air isteach ins an bháisín. “Anois” ar sise “leigfimíd orainn gurab í an báisín an fhairrge, agus gurab é an cupán seo an bás”. Agus leis sin chuir sí an cupán nó an mhias bheag ádhmaid ag snámh ar an uisge sa bháisín. D’amharc Neansaí beag suas ar an tsean - chailligh anois agus chonnaic sí amharc iongantach gorgach n-a súile agus tháinic eagla mór ar an ghirrsigh. Shiubhail an chailleach thart ar an bháisín trí h-uaire agus í ag cainnt léi féin ar feadh an ama uilig agus annsin amach ar an doras léi. Chuaidh sí ag siubhal suas síos, anonn agus anall agus í ag uathairt le n-a lámha. Annsin sgáirt sí ar Neansaí agus ar sise.(continues on next page)
- Collector
- Máire Nic Eiteagáin
- Gender
- Female
- Address
- Glenree, Co. Donegal