School: Cruach Ros (roll number 15532)
- Location:
- Croaghross, Co. Donegal
- Teacher: Colm Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach Ros
- XML Page 023
- XML “Comharthaí Fearthainne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) Nuair a suidheann an cat ag an teinidh agus a chúl leis.
2) Nuair is feidir ná tonnaí thart fa Cheann Fhanada a chluinstin ag Port an t-Salainn.
3) Nuair a scairteann na crotaigh san oidhche.4) Nuair a bhíonn ná faoileoga le feiceal in tíre.5) Tuar-ceatha a fheiceal ar maidin.6) Ná h-iasc a fheiceal ag leímnigh.7) Nuair a éirigheann an t-úrlar tais.8) Nuair a éirigheann an salann tais.
9) Nuair a bhíonn an corr-mhonadh in a seasamh san abhainn.
10) Spéir dhearg ar maidin11) Ceo ar fhairrge12) An ghrian an-soillseach13) An tábla agus ná cathaoireacha ag gliurcásnaigh.14) Ná h-eascoin a fheiceal ins ná cuibhrinn.15) Caoineadh an mhadaidh-ruaidh san oidhche.16) An madadh i dtrom-shuain.17) Ná preacháin ag tionntuigh bun os cionn san aer.
18) Néalta ar dhath an óir a fheiceal sá taobh shoir sa tráthnóna.
19) Ná coiníní a fheiceal ag tochailt a gcuid poill.20) Míoltoga go fairsing sá tráthnóna.21) Ná cearca ag piocadh a gcuid cluimhrigh.22) An ceo ag dul amach Beál ná Súilighe.