School: Cruach Ros (roll number 15532)
- Location:
- Croaghross, Co. Donegal
- Teacher: Colm Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach Ros
- XML Page 039
- XML “Pisreoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá sé mí-adhmhar bean ruadh a chástail duit ar do bhealach 'un aonaigh.
Tá sé mí-adhmhar rud eigín a thúsú ar an Satharn.Tá sé adhmhar cruidheach le ocht tairngní ann a fhágail.
Má cluintear grág an crothuigh fá'n teach sin comhartha go bhfuil duine gabhail a fhághail bháis.
Tá sé mí-adhmhar má téigheann cearc trasna an bhealaigh nó má feadalaigheann cailín ag deireadh an bhaile.
Tá sé mí adhmhar duine fionn bán a chástail ort dó'n cheud duine ar Lá Coille.
Ní sé adhmhar gabhail faoi dreimire.Níl sé adhmhar amharc ar toramh fríd fhuinneog.
Má bhriseann tú sgathán béidh seacht mbliadhna droch-adh ort.
Níl sé adhmhar tobaca a fhághail caillte ar an bhelach.
Nuair a tá tú dul ar thuras ní chóir duit tionntadh uair amháin a thúsnuigheann tú.
Níl sé adhmhar duine theacht 'un t-saogail ar Domhnach Cingcise.
Síltear go bhfuil aíteacha airithe leis taidhbhse fheiceal ann.
Creideann ná daoine go dtig leis na sidheoga ba a scaoileadh.(continues on next page)