School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 369
- XML “Ambhros ó Siadhail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fad ó shoin agus is fad ó shoin é de shíol Shiadhail. Bhí sé fhéin agus a bhean ina gcomhnuidhe i gcoillidh. Bhí mac amháin acu, ach fuair an bhean bás nuair a rugadh an mac agus thóg sé é le bainne. Ambhros a tugadh ar an mhac agus cha rabh dadaidh le h-ithe aige ach éanacha na coilleadh agus eallach fiadhaine.
Bhí siad ina gcomhnuidhe annsin go bréagh ag ithe leo go rabh Ambhros fiche bliadhain. Chuaidh an t-athair amach lá amháin fá choinne ainmhidhe le na mharbhadh agus thainig sé 'na bhaile agus chan fhuair sé a'n fhear.
Nuair a thainic sé isteach thoisigh sé a chaoineadh agus d'fhiafruigh a mhac, Ambhros, dó cáide bhí air. "Níl a'n anmhidhe le fágháil againn le h-ithe agus tá mé buaidheartha ag amharc ortsa dhul 'un bháis le h-ocras". "Ach" a deir sé "mair'fidh mé an bhó atá ag tabhairt bainne dúinn agus bheirfidh mé a leath duit agus imtheochaidh tú i mbéal do chinn ag cuartadh seirbhíse(").
Mharbhuigh sé an bhó agus ghearr suas í agus cheangail sé a leath i gcroicne gabhair. Chuir Ambhros leath na bó ar a dhruim agus shiubhail sé leis ar maidin. Bhí sé siubhal leis fríd na coillte agus nauir a bhíodh ocras air lasadh sé teine agus bhruitheadh sé cuid den fheóil. Bhí sé dhá lá agus dhá oidhche ag siubhal leis agus nuair a thiocadh an oidche air chodluigheadh sé sa choillidh.
Ar an tríomhadh maidin d'ith sé deireadh na feola agus shiubhail sé leis gur casadh bealach mór air. Shiubhail(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraig Ó Colla
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Address
- An Seisíoch, Co. Donegal