School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 370
- XML “Ambhros ó Siadhail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé leis go rabh nóin agus deireadh an lae ann, an ghrián ag dul síos agus an ghealach ag teacht aníos agus éanacha aeir a'dhul fá shuaimhneas.
Casadh fear ar an bhealach mhór air a' marcuigheacht i ndiallaidh. Bheannuigh sé don fhear agus bheannuigh an fear dó. D'fhiafruigh an fear de: "Cá fhad a shiubhail tú nó cé thú fhéin". "Ambhros Ó Siadhail m'ainm agus mo shloinneadh, agus tá mé ar shiubhal le trí lá agus dhá oidhche ag cuartadh seirbhíse". Rinne an fear é a fhastadh annsin agus sé an "margal" a rinne siad mur' dtaitneochadh sé leis an mheigistir chaithfeadh a thuarastal a thabhairt dó agus é a chur ar shiubhal agus mur dtaitneochadh an meigistir le h-Ambhros chaithfeadh Ambhros an bhliadhain a chur isteach gan dadaidh.
Shiubhail siad leobhtha annsin na bhaile agus nuair a thainic siad 'un tighe d'iarr an meighistir ar an chailin a shuipear a thabhairt do Ambhros mar go rabh ocras air. Bhí cúig buachaillí eile acu agus bhí a suipear réidh ar a' scálla. D'fhág sí ar an tábla é agus thug sí bainne dó. D'ól sé a rabh ar an scalla. Chuaidh an cailin chuig an mheighistrer agus d'inis sí duithe go rabh sé uilig ólta aige. Annsin d'iarr an meighistrer ar an chailin rádh leis go m'bféidir nach rabh a sháith aige agus go rabh tuille sa phota agus an pota a thabhairt chuige. Rinne an cailin sin agus sgríob sé a rabh 'sa phota.
D'iarr an maighistrear ar an chailin annsin suipear na mbuachaillí eile a dheánamh go gasta: rinne sí sin agus thainig na buachaillí isteach agus rinne siad a(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraig Ó Colla
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Address
- An Seisíoch, Co. Donegal