School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhíonn an ghealach leath chumsaighthe leis na spéirí; nuair a bhíonn na realta le feiceal sin comhartha go bhfuil aimsir mhaith ag teacht. An ghaoth is cionntach leis an bhoglach.
Nuair a bhíonn stoirm ag teacht aithnigheann an cat; toisigheann sé a sgribhadh an dorais agus tuinnigheann sé a thoin leis an teinidh. Comhartha mór stoirme an séideadh anuas sa t-simleoir; ma tidheann tú tuar ceatha ag teacht agus ma tidheann tú í tráthnóna sin comhartha mór fearthanna.
Comhartha mór eile na geacha fiadhne a bheith ag teacht anoir go luath, go bhfuil aimsir olc ag teacht. Rud eile deirtear nuair a bhíonn an suiche ag tuitim anuas an similear. Agus deirtear fósta gur comhartha mór stoirme an fhairrge a bheith mór agus na h-éanacha a bheith ag eitil go hárd. Seo cuid de na h-éanacha a théigheann amach ar doimhneacht na fairrge nuair a bhíónn stoirm ag teacht, an muirean, agus an crudhain agus an leitheann.
Bíonn tormann mór ag na lochlanna agus ag na h-aibhneacha sin comhartha fearthanna. Deirtear gur comhartha mór stoirme na cuileogaí a bheith ag eitil go h-árd.- Collector
- Sorcha Ní Shiadhail
- Gender
- Female
- Informant
- Siadhail
- Age
- 77
- Occupation
- Feirmeoir