School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá soillse gréine as lár droch aimsire deirtear gur peata a bhíonn sa lá sin.
Lá deas agus an ghréin ag soillse agus sreangan ag tuiteam ón spéir comhartha fearthanna.
Nuair a bhíónn fáinne fa'n ghealaigh deas dithe, stoirm i bhfad uait, agus nuair a bhíonn fáinne i bhfad uaithe stoirm deas duit.
Nuair a thuiteas realtóg cibé ar bith easán téigh sí béidh an ghaoth an casan sin roimhe ceithre uair fichead.
Nuair a bhíonn an naosgan ag gabhail thart ag sgreadadh bíonn sé fá choinne siocan.
Nuair a bhíonn sé fa choinne droch aimsire bíonn an madadh tinn agus agus ag ithe féir.
Nuair a bhíonn teas mór sa teineadh droch aimsear.
Nuair a bhíonn sioc ann agus é gabhail a easairt cluinfeadh tú clog an bhaile mór seacht míle ar shiubhal.
Nuair a bhíonn na mioltógaí ag dul thart tráthnóna bíonn droch [aimsear?] ag teacht.- Collector
- Maighread Ní Fhríghil
- Gender
- Female
- Address
- Gort na Trá, Co. Donegal
- Informant
- Padraig O Fríghil
- Gender
- Female
- Age
- 58
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gort na Trá, Co. Donegal