School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 444
- XML “Cruatan - Dóitean”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Doigheadh cuid mhór toighthe i bhfad ó shoin, agus ba taisme a rinneadh é. Doigheadh teach i mBaile Thaobh Rusgaidh 60 bliadhain ó shoin. Teach Dorby Pheadar Uí Shiadhail a doigheadh. Bhí taobh-lafta sa theach aige fá choinne cothan a choingbheail sabhalta san Gheimhreadh. Acht oidhche amháín, tuitim na h-oidhche chuaidh sé suas na lafta le lampa chuartughadh rud éigin, cia bith seort siubhal a bhí air leig sé de'n lamp tuitim as a lámh agus bha ghoirid go rabh blaighre maith soluis san teach. Go h-adhmhail le Dia fuair sé fhéin anuas slán sabhailte. Chuaidh siad uilig amach na sráide annsin agus bhí'n teach uilig ag doghadh. Chruinnigh aicme daoine annsin le bucaidaí agus thoisigh a tharraingt uisge leis an teine a chur as, ach ní rabh maith ann, agus leis an sgéal a dheánamh níos measa, ní rabh a dhath uisge sa tobar. Bhí aca le dhul sios na locha, a bhí giota maith ar shiubhal uatha le uisge a fhaghailt leis an teine a chur as. Ní rabh maith ann bhí siad ro-mhall no bhí'n teach uilig ar theinidh. Sé Dia a bhí leobhtha nach rabh siad fhéin bruighte doighte.
- Informant
- Tomás Ó Colla
- Gender
- Male