Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 12
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Droch-shaoghal.
luigh an droch-shaoghal go trom ar an cheanntar.
Tháinig fear bocht isteach i dteach i mbaile Gort-na-Trágha i n-aimsear na "Sgidean" no aimsir an droch-shaoghail. D'iarr an fear bocht giota árain ó mhuinntir an toighe; dubhairt muinntir an toighe nach rábh pioc árain nó bidh ar bith acu. Nuair a chualaidh an fear bocht seo, thuit sé i gcnap ag doras an toighe. Nuair a chonnaic muinntir an toighe seo caidé thárla dó'n fhear-bocht, thoisigh siad ag gearradh preataí sgálta agus dá rósadh agus dá gcur isteach i mbéal an fhir go dtí go dtug siad thart é san deireadh.
Mheát na preataí nuair a bhí siad curtha san talamh. "Lombards" an t-ainm a bhí ar an t-síol a bhí curtha ag na daoine an t-am sin.
Chá raibh iomrádh ar bith ar tae an bliadhan sin chá raibh dadadh le h-ithe ag na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ní Fhríghil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Prionnsis Mac Giolla Cheara
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Donegal