School: Caiseal (2)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
![The Schools’ Collection, Volume 1092, Page 267](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1092%2FCBES_1092_267.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1092, Page 267
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 267
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá deifir mhór idir na toighte atá ann anois agus na toighte a bhíodh ann fadó. Stór amhain ar áirde a bhí siad. Tá cuid dé'n chineal sin toighte lé fághail go fóill. Ceann muireannaigh a bhí ar chuid aca agus ceann cochain ar an chuid eile. Bhíodh leabaidh sa chistinigh i ngach teach. I gcoirneal an toighe a bhíodh an leabaidh aca, i n-aice na teineadh. Chodluigheadh na sean-daoine i leabaidh na cistingihe no bhí sé deas té. Bhíodh an teine ag beann an toighe. Bhí an t-urlár deanta ar clocha agus lób. Ní thiocfadh liom eolas a fághail fá'n teinid bheith i lár an urlair ins na toighte fadó.Bhí dhá doras ar chuid dé na toighte agus cuid eile aca nac rabh a doras amhain ortha. Ná toighte a rabh dhá dhoras ortha bhíodh ceann ar aghaidh an toighe agus an ceann eile ar a chúl. Bhíodh bolt ar an doras taobh istoigh lé é a dhruid.An chuid is mó dé na toighte ni bhéadh ortha acht fuinneóg amháin, agus bhí toighte(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Earcháin
- Gender
- Female
- Address
- An Tonn Bhán, Co. Donegal
- Informant
- Eamonn Ó h-Earcháin
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Address
- An Tonn Bhán, Co. Donegal