Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 430
- XML “Balor”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)t-Sleibhe, ar bhan-draoí a bhí in a cómhnuidhe ar na sléibhte ar tír mór an raibh sé in ndán do bheith beó go deó. Dubhairt sise go mbeadh sé beó go muirbhfeadh a ua féin é. Ar a chluinstin sin do chuir sé an t-aon inghean amháin a bhí de chlann aige fa ghlas sa dún agus ban-choimeadaidhthe ag tabhairt aire dí. Ach d’aindeoin na haire agus an choimeáda rugadh mac dí in am tráth agus tugadh Lúghaidh Lámh Fhada air. Bhí balór ar a shaimhín sógh ar an oileán agus é ag eisteacht le fuaim na dtonn is le glór na bhfaoileán bhfinn a bhí ag foluamhain os ceann na mbeann i dToraigh nuair a thainig an sgéal chuige go raibh mac ag a inghean. Ar an bhomaite d’órduigh sé brat éadaigh a chur fa’n naoidheanán, dealg a chur san bhrat agus é a chathadh amach i mbéal Thoraighe. Rinneadh amhlaidh ach anuas ó na sleibhte do sgiord reatha le Bioróig an tSleibhe gur thóg fa bhrat draoidheachta é agus go dtug leithe gur oil agus gur thóg é. Ar éirigh aníos in a stocach do chuir Biorog Lughaidh chuig Gaibide Gabhann ag fóghluim ceirde. Chuir Balor athair Lughaidh chun báis agus fríd ama chuala Lughaidh fa íde(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Mac Ailin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Micí Chaitlín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inis Bó Finne, Co. Donegal