Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 560
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí fear ann am amháin. Lá amháin chuir a bean air gabhail fá choinne brosnach no go mbéadh an Domhnach ann lá thar na bharach.”
(ar lean ón leathanach roimhe)bharach. Dimthigh an fear ach ní teacaidh sé fa coinne an bhrosnach ach dimthigh sé leis ag iasgaireacht. Bhí sé máll an oidhche sin nuair a chuaidh sé na bhaile agus ní fhacaidh an bhean é. Ar maidín Dia Domhnaigh dimthigh sé leis na coilleadh aríst. Chruinnuigh sé úlach brosnach agus bhí sé ag gabhail na bhaile nuair a mhothuigh sé glór ag radh “Fág síos sin” Ó arsa an fear ní thiocfadh liom no ní teinidh ar bith ag mo bhean fa coinne na dinneára a bhruith. Dubhairt an glór annsin. Ciaca is fearr leat sin a leagadh síos no é a thabhairt leat. Bfhearr liom é a thabhairt liom. Togadh suas sa a spéir é agus deirtear go bhfuil fear ins an geallach ariamh ó shoin.- Bailitheoir
- Gráinne Nic Ghloinn
- Inscne
- Baineann