School: Druim Caoin
- Location:
- Drumkeen, Co. Donegal
- Teacher: Seán A. Ó hArthaighe
![The Schools’ Collection, Volume 1101, Page 133](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1101%2FCBES_1101_133.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1101, Page 133
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Druim Caoin
- XML Page 133
- XML “Scéal - Máire Ní Chripleas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)hascaill agus í ag scuabadh an toighe.
Bheir sí greim dhá lámh orm féin, agus phlúth sí le póga mé, agus thriomuigh sí le brat daor uaisle agus óir mé.
D'iarr sí orm suidhe, nó go rabh mé marbh tuirseach. Dubhairt mé féin leithe na rabh, nar shiubhail mé ibhfad uilig: míle, leath-mhíle, míle go leith agus dhá mhíle.
Chuir sí tabla bídh faoim féin. D'ith mé mo chuid fíon' agus d'ith mé mo chuid tae, d'ól mé mo chuid ime agus d'ól mé mo chuid arain, agus an méid a bhí ar fhuigheallach agam d'fhág mé 'choinne an lae-ar-na-bhárach ó bhí an lá roimhe sin ann. Bhí madadh ag teacht thart fa mo chosa agus bhuail mé cic air. "Na buail Sprout," arsa sise, "no mharbhuigh Sprout giarrfiadh indé". "Ní féidir sin" arsa mise, "no madadh ar bith comh grannda leis go mbeirfeadh sé gearrfiadh." "Is féidir," arsa sise, "agus ma théidheann tú liomsa taisbeanochaidh mé an giarrfiadh duit a mharbhuigh Sprout indé beó beitheach ag preabadaigh isteach i mbáscoid an éadaigh.
Chuaidh mé féin leis an cháilligh í ngeall ar an chailleach a bhréagnadh. "Is deas an tseóid í sin," arsa sise. "Is deas," arsa mé féin, "ní fhaca mé ariamh níos deise." "Dá rachfá liomsa," arsa sise, "taisbeanochaidh mé seód í bhfad ní ba deise duit."
Chuaidh mé féin leis an cháilligh í ngeall ar an cháilleach a bhréagnadh(continues on next page)- Collector
- Seán A. Ó hArthaighe
- Gender
- Male
- Address
- Glenleheen, Co. Donegal
- Informant
- Brighid Nic Aghoill
- Gender
- Female
- Address
- Glenleheen, Co. Donegal