School: Druim Caoin

Location:
Drumkeen, Co. Donegal
Teacher:
Seán A. Ó hArthaighe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1101, Page 156

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1101, Page 156

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim Caoin
  2. XML Page 156
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear ann am amháin agus bhí triur mhac aige. Ní rabh fhios aige cadé dhéanfadh sé leóbhtha.

    (continued from previous page)
    thug sí leag sí le na héiteógaí é. Chonnaic sé ball bán faoí na héiteoíg. Shaith sé an claidheamh ann. D'fhág sé an loch dearg le fuil. Ghearr sé giota de'n teangaidh de. Cé bith fear a mhuirbhfeadh an phéist bhí sé le inghean an ríogh a fhághail le pósadh. Na daoiní a bhí fa mhullach na gcnoc rith siad anuas nuair a chonnaic siad an loch dearg le fuil ag rádh gurbh iad féin a mharbhuigh an phéist. Bhí ingean an ríogh a' rádh narbh iad. Bhí seisean sa cheistinigh. Scáirteadh síos airsan. D'iarr ingean an ríogh air tionntadh thart go bhfeicfeadh sí ar fhóin [> fhóir] an giota as íochtar a fhroc. D'fhóin an giota as an ghruaig. Dubhairt sise gur sin an fear a mharbhuigh an phéist. D'fhiafruigh seisean a' bhfacaidh siad a'n ceann ariamh gan teangaidh. Dubhairt siad nach bhfaca ach ceann péist. Tharraing seisean amach as a phoca giota de'n teanga a bhain sé de'n phéist. Pósadh iad annsin.
    Bhí siad ag siubhal amuigh lá indiaidh a bpósta, as bhí siad ag cainnt. Dubhairt seisean gur Gaedheal a bhí ann fhéin. Dubhairt sise 'a mbéadh fhios ag a athair gur Gaedheal a bhí ann nach mbéadh sé sasta ach ca bith creideamh a mbéadh seisean air go mbéadh sise air.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Language
    Irish
    Collector
    Seán A. Ó hArthaighe
    Gender
    Male
    Address
    Glenleheen, Co. Donegal