School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Location:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá mise in mo chomhnuidhe i mbaile beag cúig míle ó Baile an Rodhba agus sé an t-ainm atá air ná Bailemáirtín. Tugtar an t-ainm sin air mar núair a tháinig saighdiuirí Cromaill go h-Éirinn fadó tháinig ceann acú go Bailemháirtín agus casadh fear air darbh ainm Mairtín agus d'fiafruig sé de Máirtín an sort talmhan a bhí thar timcheall na h-áite. "Ó" arsa Máirtín, "ní fiú biorán é". "Well , más sin é an chaoí" arsan saighdiúir, "coinnig tú féin é",
agus ón lá sin amach tugtar an t-ainm sin air.Cillmheadhon:
Tugtar an t-ainm sin air mar nuair a tháinig Naomh Pádraig go h-Éirinn fadó chuir sé trí cill ar bun thar timcheall na h-áite seo. Chuir sé ceann i gCillmheadhon agus chuir sé ceann ar an taobh theas agus ceann eile ar an taobh thuaidh de agus ó thárla go raibh an ceann i gCillmheadhon idir an dá ceann eile tugtar an t-ainm sin ar an áit.- Collector
- Micheál Ó Gréacháin
- Gender
- Male
- Address
- Ballymartin, Co. Mayo