Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mise in mo chomhnuidhe i mbaile beag cúig míle ó Baile an Rodhba agus sé an t-ainm atá air ná Bailemáirtín. Tugtar an t-ainm sin air mar núair a tháinig saighdiuirí Cromaill go h-Éirinn fadó tháinig ceann acú go Bailemháirtín agus casadh fear air darbh ainm Mairtín agus d'fiafruig sé de Máirtín an sort talmhan a bhí thar timcheall na h-áite. "Ó" arsa Máirtín, "ní fiú biorán é". "Well , más sin é an chaoí" arsan saighdiúir, "coinnig tú féin é",
agus ón lá sin amach tugtar an t-ainm sin air.Cillmheadhon:
Tugtar an t-ainm sin air mar nuair a tháinig Naomh Pádraig go h-Éirinn fadó chuir sé trí cill ar bun thar timcheall na h-áite seo. Chuir sé ceann i gCillmheadhon agus chuir sé ceann ar an taobh theas agus ceann eile ar an taobh thuaidh de agus ó thárla go raibh an ceann i gCillmheadhon idir an dá ceann eile tugtar an t-ainm sin ar an áit.- Bailitheoir
- Micheál Ó Gréacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Mháirtín, Co. Mhaigh Eo