School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba

Location:
Ballinrobe, Co. Mayo
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 082

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 082

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
  2. XML Page 082
  3. XML “Prince Murchadha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    air" ars an prionnsa, "GCluin tú, a prionnsa? Is mise an seancuid[e] is fearr ag bord ná ceann leabhaidh a tháinic ariamh ná a thiocfas go bráth a rugadh ariamh ná a béarfar chomh fada agus bhéas uisge rithte nó féar ag fás." "Is doiligh liom sin a chreideamhaint le mar tá fhios agam féin gur fada ó cailleadh eisean," arsan prionnsa. "Is maith atá fhios agam an fear atá i gceist agat," arsan buachaill. Bhí eolas maith agam air agus ba cheart dom a bheith. Níor innis sé sin aon sgéal maith ariamh ach an sgéal a bhí ann agus an sgéal a bhéas ann. Ní h-é sin liom-sa," ars an buachaill. "Innseóchaidh mé duit an sgéal nach raibh ann ariamh agus nach mbeidh arís go bráth agus tuitfidh muinntir an domhain 'na gcodladh go socair tar éis é a chloisteál." "Is iongantach an óganach tú go cinnte. "Ceárd eile atá tú in ann a déanamh?" Is mé an coisidhe is fearr a tháinig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighidh Ní Chuinn
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Mac Chuinn
    Gender
    Male
    Age
    56
    Address
    Ballinrobe, Co. Mayo