Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air" ars an prionnsa, "GCluin tú, a prionnsa? Is mise an seancuid[e] is fearr ag bord ná ceann leabhaidh a tháinic ariamh ná a thiocfas go bráth a rugadh ariamh ná a béarfar chomh fada agus bhéas uisge rithte nó féar ag fás." "Is doiligh liom sin a chreideamhaint le mar tá fhios agam féin gur fada ó cailleadh eisean," arsan prionnsa. "Is maith atá fhios agam an fear atá i gceist agat," arsan buachaill. Bhí eolas maith agam air agus ba cheart dom a bheith. Níor innis sé sin aon sgéal maith ariamh ach an sgéal a bhí ann agus an sgéal a bhéas ann. Ní h-é sin liom-sa," ars an buachaill. "Innseóchaidh mé duit an sgéal nach raibh ann ariamh agus nach mbeidh arís go bráth agus tuitfidh muinntir an domhain 'na gcodladh go socair tar éis é a chloisteál." "Is iongantach an óganach tú go cinnte. "Ceárd eile atá tú in ann a déanamh?" Is mé an coisidhe is fearr a tháinig(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighidh Ní Chuinn
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Chuinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo