School: Cluain le Fán (roll number 12817)
- Location:
- Cloonliffen, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Callaráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann uair amháin. Lá amháin bhí sé amuigh an siubhal sios cois na fairrge. Chonnaic sé an Maighdean Mara agus í ag ciorradh a gruaige a cinn. Do bhí an lá breág.
Dealuigh an fear suas taobh thiar agus do rhóg sé a caipín. Annsin ri [?] se abhaile agus an Maighdean mara ins dhiaidh. Chuaidh sé isteach ins theach féin, agus chuaidh an Maighdean Mara isteach ina dhiaidh. Do chaith an fear an caipín suas ar an lochra.
Posadh an bheirt acú lé cheile. Aon lá amhain chuaidh an fear suas insan locta ag iarraidh rud eicint a fhághail. Do thuit an caipin a bí shuas insan lochra. Do righ an Maighdean Mara ar an caipín, agus rith sí amach an doras agus an fear ina diaidh. Rith an Maidhdean mara go dtí an fairrge agus chuaidh sí amach agus ní raibh an fear indán í d'fágail.- Informant
- Bean Ní Murchadha
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- Rahard, Co. Mayo