School: Cluain le Fán (roll number 12817)
- Location:
- Cloonliffen, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Callaráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó bhí fear ina chómhnuide i Rathard. Sean Tearne an t-anam a bhí air. Aon aoidhche amhain chuaidh sé inaice Rath atá i Rathárd agus cuala sé go leor daoine ag cainnt. D'fhéac sé isteach san bpáirc agus chonnaic sé mada dubh istigh insan bpairc no an rath. Do rug an mada air agus tug sé an fear isteach san rath. Ní fhaca na daoine sa mbaile é ar feadh trí lá. Cuaidh siad inaice an Rath an triú oidhche agus chonnaic siad é ina suidhe ar an mballa. Rug siad air, agus bhí siad ag dul abaile nuair chonnaic siad an mada dubh ina ndiadh. Rith siad, agus rith siad agus an mada ag rith ina ndhiaidh. Nuáir a thainig siad go dtí an teach bhí a gcroidthe amuigh ina mbéal. Bhí Sean leis agus ní feidir leis aon fhear an sgel a innsint do. Nuair a chonnaic na cómharsana Sean bhí athas orra. Gac oidce ina dhiaidh sin bhí an mada ag tafainc ar fear aon blian ina dhiaidh sin Thiut sé seo amach san blian 1850
- Informant
- Bean Ní hOileáin
- Gender
- Female
- Age
- 42
- Address
- Rahard, Co. Mayo