School: Currach
- Location:
- Currylaur, Co. Galway
- Teacher: An Bráthair Joachim
![The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0087](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0021%2FCBES_0021_0087.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0087
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Currach
- XML Page 0087
- XML “Leipreacháin”
- XML “Leipreacháin”
- XML “Leipreacháin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- LeipreacháinBhí bean ag siubhal treasna na páirce lá. Sgoirr a cos agus thuit sí. Chonnaic leipreachán í, agus thosuigh sé ag gáire. D'eirigh an bhean go feargach. Rith sí in a dhiaidh an leipreacháin. Rug sí air. "Cé'n fáth ar thosuigh tú ag gáire" ar sise. "Leag tú do chos ar an áit a raibh pota óir, agus sgoirr tú" ars an leipreachán. "Romhar suas an áit a thuit tú agus gheobhfaidh tú pota óir." Romhar sí suas é, agus fuair sí pota óir Leig sí amach an leipreachán annsin.
- Bhí fear ag teacht abhaile oidhche amháin. Chonnaic sé leipreachán, agus rug sé air. "Tabhair pota óir dom" ar seisean. "Ní thiubhraidh mé aon phota óir duit" ars an leipreachán. "muna mbeidh tú indon mé a coinneál ar feadh bliadhna." Thug an fear an leipreachán abhaile leis. Coimeád sé é go dtí an lá deireadh. Bhí an fear amuigh, agus thosuigh an leipreachán ag rádh leis an mhnaoi "imtheochaidh mé imtheóchaidh mé" "Imthigh agus an diabhal leat" ars an bhean. D'imthigh an leipreachán agus ni fhuaireadar aon pota óir.(continues on next page)
- Transcription guide »You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Collector
- Seán Ó Pléamann
- Gender
- Male
- Address
- Clogh South, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Pléamann
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Clogh South, Co. Galway