Scoil: Cathair Loisgreáin (B)
- Suíomh:
- Caherlustraun, Co. Galway
- Múinteoir: Pádhraic de Chlár
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cathair Loisgreáin (B)
- XML Leathanach 0216
- XML “Pisreoga agus Nósanna eile a Bhaineas le Sochraid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sé de nós sa gceanntar seo
1 Gan an t-urlár a scuabadh an fhaid is tá duine marbh sa teach.
2 Gan na luaitrighe a chairteadh amach an fhaid is tá duine marbh sa teach.
3 An Clog mór ar an mballa a stopadh; ní chuirtear stop le clog nach mbuaileann na h-uairteannta.
4 An chonra a thabhairt isteach doras amháin agus amach dorus eile leis an duine marbh.
5 An chonra agus an duine marbh a leagaint ar chathaoireacha taobh amuigh de'n dorais acar beag agus paidreacha a rádh.
6 Na daoine go léir a ghlanadh as a seomra na bhfuil an duine marbh ach amh ain iadsan a chuireann an corp san gconra
7 Má iomchruightear an chonra i gcairt no ar chárr cliathánach na gaolta a shuidhe ar gach taobh de'n chónra.
9 Na ceithre coirnéil de'n bhraithlín ar a raibh an duine marbh na luighe i rith an tórraimh a bhaint agua a chur i dtaisce; Deirtear go bhfuil leigheas ionnta don ghalar sin "Falling Sickness,"
10 Gan capall atá ag togáil searraigh a chur faoi'n gcairt no faoi'n gcárr cliathánach;(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- P. de Clair