School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a thagas duine isteach i dteach deireann sé "Go mbeannuighe Dia agus Muire agus Naoimh na h-Éireann isteach san teach seo".
Nuair a fheiceas na daoine an féar bainte deireann siad "Go mbéaraidh Dia beo sinn ar an am seo arís".
Nuai a cailltear duine deirtear gur ceart "go ndéanaidh Dia tróchaire ar a anam" a rádh.
Nuair a bhíos duine ag imtheact ó theach duine eile deireann muinntir an tighe leis "go dtugaidh Dia slán abhaile thú".
Nuair a bheadh duine ag obair agus duine eile ag dul an bealach deirfeadh sé leis "go mbeanuighidh Dia thú is do chuid oibre"
Nuair a bheadh duine ag dul thar dhuine nach mbeadh ag labhairt leis bheadh sé ag rádh "Coirreagan Dé idir mé féin agus mo namhaid" Nuair a thuiteann duine ar an dtalamh déanann siad comhartha na Croise ar an áit agus ní éireóchaidh aon dochar do'n duine.
Nuair a bhíodh na sean-daoine ag dul ar an aonach fadó bhíodh siad ag rádh "Go gcumhduigh Dia sinn agus go gcuiridh Sé luach ár gcuid cneastachta chugainn"
Nuair a bhíodh siad ag cur na bhfataí bhíodh siad ag rádh "Go ráthaidh Dia ár gcuid dúinn".(continues on next page)