Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0159](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0032%2FCBES_0032_0159.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0159
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a thagas duine isteach i dteach deireann sé "Go mbeannuighe Dia agus Muire agus Naoimh na h-Éireann isteach san teach seo".
Nuair a fheiceas na daoine an féar bainte deireann siad "Go mbéaraidh Dia beo sinn ar an am seo arís".
Nuai a cailltear duine deirtear gur ceart "go ndéanaidh Dia tróchaire ar a anam" a rádh.
Nuair a bhíos duine ag imtheact ó theach duine eile deireann muinntir an tighe leis "go dtugaidh Dia slán abhaile thú".
Nuair a bheadh duine ag obair agus duine eile ag dul an bealach deirfeadh sé leis "go mbeanuighidh Dia thú is do chuid oibre"
Nuair a bheadh duine ag dul thar dhuine nach mbeadh ag labhairt leis bheadh sé ag rádh "Coirreagan Dé idir mé féin agus mo namhaid" Nuair a thuiteann duine ar an dtalamh déanann siad comhartha na Croise ar an áit agus ní éireóchaidh aon dochar do'n duine.
Nuair a bhíodh na sean-daoine ag dul ar an aonach fadó bhíodh siad ag rádh "Go gcumhduigh Dia sinn agus go gcuiridh Sé luach ár gcuid cneastachta chugainn"
Nuair a bhíodh siad ag cur na bhfataí bhíodh siad ag rádh "Go ráthaidh Dia ár gcuid dúinn".(leanann ar an chéad leathanach eile)