School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Garrdha an bhóthair. Is píosa talmhán é atá in-aice leis an mbóthar.
Garrdha Pádraig. Garrdha é seo in a raibh teach ag sean-Phádraig Ó Dúbhagháin acht thuit an teach.
An Riasca. Áit a mbíonn uisge san nGeimhreadh acht a bhíos tirim san Samhradh.
Oileán Fada. Oileán atá an-fhada síor ón mbaile.
Garrdha na Móna. Sin garrdha atá in aice na móna.
Oileán na mbád. Sin áit a mbíonn móinfhéar ann in aice na h-abhann.
An brarlán. Sin áit in aice leis an abhainn a mbaintear móinfhéar agus ina mbíonn uisge sa ngeimhreadh.
Poll Mhaitiais. Sin áit ins an abhainn in ar báitheadh fear ann darbh ainm Maitias.
An Tamhna. Sin áit a mbíonn móin agus féar dá mbaint innte.
Baile na Móna. Sé an fáth a bhfuil an t-ainm sin air mar go bhfuil go leor móna ann.
Bóithrín caol. Sé an fáth a bhfuil an t-ainm sin air mar go bhfuil bóithrín fada caol ann.
Tón an chnuic. Sé an fáth a bhfuil an t-ainm sin air mar go bhfuil cnoch mór cruinn ann.
Lios mór. Sé an fáthgo bhfuil an t-ainm air mar go raibh lios ann fadó.
Móinteach. Sé an fáth a bhfuil an t-ainm sin ar an(continues on next page)