School: Gort na Léime (roll number 13012)
- Location:
- Gortaleam, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort na Léime
- XML Page 0285
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cistí óir i bhfolachFadó bhí triúr mná in a gcómhnuidhe in aon teach amháin inaice leis an mbaile mór darbh ainm an Caisleán Riabach i gco. Roscomáin. Tháinic an leprecáun chuca trí oidhche indiadh a chéile, agus dubhairt leo go raibh ciste óir i bhfolach ar an taobh ó thuaidh de Chaisleán Dhún Mhór. Dubhairt sé leo freisin go raibh cat dubh ag tabhairt aire dhon áit i raibh an ciste óir, agus go gcaithfeadh siad an ciste bheith bainte as an talamh aca roimh an h-aon a chlog san oidhche. D'imigh an triúr mná agus rinne said a mbealach ón gcaisleán Riabach go Dún Mór Co. na Gaillimhe. Bhí sioc mór agus sneachta ar an talamh agus ba deacair dóibh siubhal. Bhí láige agus sluasad ag gach duine aca leis an gciste óir a bhaint as an talamh. Nuair tháinic siad i bhfogas do Dhúnmór agus dhon caisleán, bhí tuirse mhór ortha agus chuaidh siad isteach i muileann atá inaice na h-áite. Is dócha go raibh coirce ghá chruadhacan, ag an muileann agus bhí teine mhór síos. mar bhí codhladh agus tuirse ar na mná(continues on next page)
- Collector
- P. Pléimeann
- Address
- Woodfield, Co. Galway
- Informant
- Labhrais Ó Ciaráin
- Gender
- Male
- Address
- Lisheennaheltia, Co. Galway