School: Gort na Léime (roll number 13012)
- Location:
- Gortaleam, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort na Léime
- XML Page 0306
- XML “Pisreoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Barbaire circe a thosóchad ag glaodhach, agus a stopfadh ó bhreith, béarfaidh uirthí annsin, agus díolfaidhe í agus ceannóchaide salann ar a luach.
Dá bhfóghadh bó bás, bainfidh an craiceann dí díolfaidhe é le búistéir, agus ar luach an chraicinn ceannóchaidh pota nó iarann eicint.
Budóg óg tar éis breith. Tugtaoí amach splanc agus beagán deataigh air. Théigheadh fear-a-tíghe agus bean-a-tíghe amach, agus an splanc so tlú aca. Sheasadh an fear ar thaobh agus an bhean ar thaobh eile de'n mbudóig. Chuireadh an fear an splanc amach faoi bholg na budóige, agus chuireadh an bhean os cionn druim na budóige an splanc. Deantaí sin trí h-uaire , agus bhíodh an bhó beannuighthe annsin.
Dóigte beagán de'n bhfionnach ar an ruball agus cuirtí piosa éadaigh dearg air.
Nuair thagadh duine abhaile ó schoraide tugtaoí gráinne beag salann dó, agus nuair a thuitheadh duine ar an t-sráid nó i n-áit ar bith eile tugtaoí an salann dó freisin(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Pléimeann
- Gender
- Male
- Address
- Woodfield, Co. Galway