School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0006
- XML “<span class="exact">Oíche</span> <span class="exact">Shamhna</span>”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oíche Shamhna 7.12.1937
Tugtar Oíche Shamhna ar an oíche roimh an céad lá de mhí na Shamhna ins an gceanntar seo air tugtar Oíche Shamhna ar an gcéad oíche de mhí na Shamhna i n-áiteanna eile. Tá go leor nósanna ag baint leis an oíche sin.Bíonn cáca milis ar na daoine i gcómhair an tsuipéir agus bíonn fáinne ann. Bíonn gach duine ag fanamhaint agus féachaint chun an fáinne a fháighail. Gheibheann siad tubán uisge agus cuireann siad ubhla nó píosa airgid tsceach ann. Bíonn siad ag iarraidh na h-ubhla nó an t-airgead a thabhairc aníos as an tubán le na mbéal. Gheibheann siad trí ró-cupáin agus cuireann siad uisge i gceann aca, cré i gceann eile, agus fáinne i gceann eile. Annsin cuireann siad púncín ar duine eicínt agus má cuireann sé nó sí a lámh ar an ró-cupáin a bhfuil an uisge ann sé an duine is túnsge a théighead thar an bhfairrge. Má cuireann sé a lámh ins an gcré ann is é an duine is túisge a gheobha bás agus má cuireann sé a lámh ins an gceann leis an fhainne ann is é an duine is túisge a phósfas. Bíonn an aos óg ag caitheadh gabáiste ar an mbóthar san oidhche sin freisin ag(continues on next page)- Collector
- Seán de Bláca
- Gender
- Male
- Address
- Liskeevy, Co. Galway
- Informant
- Máire de Bláca
- Gender
- Female
- Address
- Liskeevy, Co. Galway