School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an am fadó bíodh na siopaí i bhfad níos lugha ná mar tá síad anois agus ní bíodh go leór siopaí ins na bailte móra chor ar bith agus ins na bailte beaga a bhíodh siad ceann no dhó in gach baile beag. Bíodh go leór rudaí dá ndíol ionnta tae, siúcre agus go leór rudaí eile agus gnídhís go leór saothar.
Dá mbeadh duine an-bocht ins an gcomhursanacht thugadh na siopadóiraí mála plúr no tae nó siúcre no rud ar bith a bhí san teach daobhtha mar bhí siad an-fhiúntach le gach uile duine agus dá brigh sin bhí ag éirighe go h-an maith leó.
Bhí go leór síbíní freisean thart ar an áit. Áit is eadh é a mbíod síad ag díol portair agus uisge beatha agus rudaí eile mar sin acht ní raibh aon licence aca chor ar bith agus dá bhfághadh na gárdaí amach é cuirfeadh síad iad i bpríosún agus bíodh na gardaí ar a náirdeall agus bíodh na daoine ar a náirdeall [ag?] freisean.
Chuala mé m'athair ag rádh go raibh sibín in aice a baile fhéin agus go raibh síad ag díol uisge beatha agus portair. Ceannuigheadh síad é ins na bailte móra agus geibeadh siad saor é agus gnidís airgead as ag díol lé na comursanna mar bhíodh an "flú" amach an trath sin.- Collector
- Pádhraic O Neill
- Gender
- Male
- Address
- Ummeracly East, Co. Galway
- Informant
- Seán O Néill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Ummeracly East, Co. Galway