School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0046
- XML “An Cheárta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá ceithre ceardcain sa bparáiste seo ach is go dtí an ceann atá i gCartún a théigheann mo muinntir agus na daoine atá in-a gcomhnaidhe i n-aice linn. Níl an cheardcha ach deich slat ón mbóthar m[ór] agus ceann tuighe atá air. Fear mór láidir atá ag obair ann. Ní dhéanann na gaibhni an méid obair anois is a ghníodh síad fadó mar tá gluaisteáin agus gach sórt comhgair le obair a dhéanamh anois ní fearacht fadó. Fadó ghníodh na gaibhne láideacha, céachtaí, agus gach rud feileamhnach do fheilméar. Ghníonn cuid de na gaibhni sleaghain go fóill agus tá síad i bhfad níos fearr ná na cinn a ceannuigtear sa siopa.Chuimhnigheann mé go maith ar an gcéad lá a ndeachaidh mé go ceardcha. Nuair a sroich mé an ceardca bhí an gabha ag obair taobh amuigh agus bhí aprún déanta de mhála air. Séard a bhí sé ag deanamh bhí sé ag bualadh bosca do rotha carta le ord mór ag iarraidh é a theannadh. Bhí cúpla fear eile [eile].Nuair a tháinig mé i n-aice leobtha labhair an gabha agus dubhairt sé "sin é an buachaill a dubhairt e" agus shín sé a mhéar chugam. Síl sé faitchíos a chur orm ach bhí a fhios agam go maith céard a bhí sé ag iarraidh a dhéanamh. Nuair a b[hí] bosca de'n roitha teannta aige chuaidh sé isteach sa gceardcain agus chuaidh mise isteach freisin. Sé an chéad rud a thug mé faoi deara an t-inneoin ar bloca mór d'amhad agus an teine ar ardán beag agus srón na mbolg ag dul isteach sa teine. Le hais na teineadh bhí trach beag de uisge leis an iarann teich fuaradh. Do shuidh an gabha an inneóin agus buidéal uisge beatha in-a láimh aige agus nuair a bhíodh cúpla focal ráidhthe aige do bhainfeadh sé scluig as an mbuidéal.(continues on next page)
- Collector
- Pilib Ó hAodha
- Gender
- Male
- Address
- Russelstown, Co. Galway
- Informant
- Líam Ó hAodha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Russelstown, Co. Galway