School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is iomdha scéal atá ar bhéal na sean-daoine faoi clisteacht an mhadaidh. Tá saghas madradh ann a thiubhradh na ba isteach - ceann i ndiadh ceann agus is minic a chonnaic me iad dá dhéanamh. Chonnaic mé madadh a d'fhosglóchadh an doras nuair a bheadh an laiste nó an glas air. Is iomda uair freisin a sábháil madadh fear ó bheith marbh le tarbh nó bó nó aon rud eile. Seo scéal faoi madadh.Bhí fear agus bhean uair amháin agus chuaidh siad ar chuairt go dtí teach carad agus d'fhag siad na páistíbh agus cúpla duine eile i n-a ndiaidh i n-a gcodladh go sámh. Ní raibh siad i bhfad ag teach na carad go dtáinic an madadh agus é ag caoineadh agus ag tafann. Do chuir sé a dhá chois thart ar mhuinéal an fhir agus do dhírigh chun an dorais é.
Thuig an fear agus an bhean annsin go raibh rud eicínt as bealach agus chuaigh said abhaile go deifreach. Nuair a tháinig siad go dtí sin céard a d'fheicfeadh siad ach an teach ag lasadh agus gan aoinne de'n mhuinntir a bhí istigh i n-a dhúiseacht. Ní raibh an tine i bhfad tosuighthe agus dá bhrígh sin bhí chuile rud sábhailte mar gheall ar chomh chríonna is a bhí an madadh sin.Seo scéal faoi easóg. Bhí bean ann uair amháin agus bhí sí ag ag iompódh fataí amuigh ins na páirceanna. fuair ní nead easóige istigh ann agus(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Gender
- Female