School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is iomdha teach ósta atá i mbaile an Mhuilinn agus tá siad go léir ag obair go maith. Nuair a bhíos daoine ag ól deireann siad mar seo - "go mbeirimid beó ar an am seo arís", nó "bheirim do shláinte", - an freagra - "Sláinte maith agat." Seo sláinte eile. "Sláinte agus saoghal chugat, bean ar do mhían agat, talamh gan cíos agat ó'n mbliadhain seo amach".
Agus fós seo ceann eile - "bliadhain ó indiu go rabhamar ag ól lé chéile."
Gheobhfá pionnta biotáile an uair sin ar sgilling ach anois, sé trí sgilling déag a luach. Bhíodh siad ag déanamh poitín ar an gcaoithamhaltas an t-am sin agus tá tobar beag achar gearr ó mo theach fhéin a ghníthí poitín ann. Bhíodh still agus gach ghléas eile, ag na daoine a bhíodh dhá dhéanamh ag an tobar freisin ach níor gabhadh ariamh iad.
Bhí go leór síbíní í n-Éirinn 'san tsean-aimsir agus bhí ceann ins an gCeathramhain i.e. baile beag taobh thoir de Bhaile an Mhuilinn. Séard é síbín - át a ndíoltaí ól ar an gcaoithamhaltas agus dá ngabhadh na pílers iad thiocfadh sé daor ortha. Níor sgéith aoinne ariamh ar an síbín atá í gceist, agus is iomdha oidhche breágh a chaitheadh na daoine ins an gcomhursanacht(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Gender
- Female